Na Trí Mic Ó gCorra
Mar a d’inis Aodh Ó Duibheannaigh, Carraic a’ Choill, Rann na Feirste, é in 1936, do Coimisiún Béaloideasa Éireann.
Fada ó shin nuair a bhí Colm Cille ag siúl thart fríd Thír Chonaill anseo é féin agus a chuid aspal bhí Oileán Thoraigh faoi gheasa. Corr uair tchfidh é agus is beag duine a raibh fios acu a leithid a bheith ann ar chór ar bith. Lá amháin bhí Colm Cille ag siúl thart tharr ar thaobh na Mucasie, sheasaigh sé ar turtóig agus d’amharc sé amach ar an fharraige agus chonaic sé an t-oileán seo amach uaidh giota fad amach san fharraige. Shiúl sé suas giota beag thaoibh a’ chnoic agus d’amharc sé amach ach ní raibh an t-oileán seo le feiceaíl ar chór ar bith. Phill sé anuas giota tharr an áit a raibh sé an chead uair a chonaic sé é, ach ní raibh an t-oileán le feiceáil. Ansin fuair sé amach nach raibh ach aon thurtóg amháin ins a’ chnoc ar bhféidir an t-oilean seo fheiceail uaithe.
Shaith sé a bhata sa túrtóig seo fá choinne fios a bheith aige cá raibh sí nuair a phillfeadh se arais. D’imigh sé ‘na bhaile cibé áit a raibh sé a’ bhaint faoi an t-am sin agus d’inis sé don chuid eile de na h-aspaill cáide chonnaic sé agus go gcaithfeadh sé a ghabhail lá arna mharrach agus fiachail leis na geasa a bhaint don oilean.
Níor chríonna an cat ná’n coimheadaí, chonaic muintir Thoraigh an bata sáithte ‘sa túrtóig agus ní raibh fhios acu cáide a bhí ar cois. An oíche sin ar uair an mhéan-oíche nuair a bhí achan duine fá chónaí, d’éirigh Rí Thoraigh agus a’ Bhanríogháin agus cú nimhe a bhí acu; thug leo bád agus níor stad go raibh siad amuigh i Machaire Uí Rabhartaigh. Tharraing siad an bád isteach ar an trá ansin agus d’imigh an bheirt leo suas a’ tharraing ar bhun a’ chnoic agus an cú nimhe leo le na gcosnadh dá dtigeadh a chath orthu. Nuair a thainig siad go bun a’ chnoic sheasaigh an Rí agus sháith sé bata a bhí leis síos i dtúrtóig.
‘Toradh na túrtóige seo’ ar seisean ‘ar achan túrtóg ó seo go barr a’ chnoic’. Le sin d’éirigh an cnoc ‘na choill bataí uilig; ní raibh aon túrtóg ó cheann go ceann a’ chnoic nach raibh bata sáithte uirthi. Phill siad arais go dtí’n bád i ndiaidh sin a dhéanamh; chuaigh ar bórd agus bhain Toraigh amach arais agus bhí an lá a’ glanadh nuair a bhí siad istigh.
Maidin lá arna mhárach nuair a d’éirigh Colm Cille agus rinne sé greim bricfeasta; d’iarr sé an dhá mhánach eile a bheith leis suas go taoibh a’ chnoic go bhfeicfeadh siad an t-oilean a chonaic seisean inné roimhe sin. Chuaigh. D’imigh an trúir leo go raibh siad ag bun a’ chnoic agus shíl Colm Cille nach raibh aige ach siúl go dtí an túrtóg ar fhág sé an bata saithte inti agus go bhfeiceadh sé an t-oileán; ach nuair a chuaigh sé go bun a’ chnoic ní raibh aon túrtóg ó sin go barr a’ chnoic nach raibh bata sáithte inti.
‘Tchí Dia sinn’ arsa Colm ‘cáide mar tháinig seo?’. Ní raibh ag Colm Cille ach a chuartú go h-úir nuaidh arais. Chaith sé rith an lae aníos agus síos taoibh a’ chnoic agus ins an deireadh nuair a bhí an tráthnóna ag teacht thainig sé ar an túrtóg a raibh a bhata féin sáithte inti agus thiocfadh leis Toraigh a fheiceáil chomh soiléar. Scairt se ar an bheirt eile agus chonaic siad-san é fosta. ‘Bhail anois’ arsa Colm, ‘Caithfidh muid na geasa a bhaint do Thoraigh súl a bhfágaidh muid seo agus é fhagáil sa dóigh a mbeidh sé le feiceáil ar fad é achan áit ins a’ chnoc chomh maith leis a’ túrtóig seo. Sé an dóigh a ndéanfaidh muid é: achan fear a bhata chaitheamh ón túrtóig seo agus cibé fear againn ar dtrúir a chuirfeas a bhata go Toraigh is leis an t-oileán’.
Dúirt an bheirt eile go raibh siad sasta. ‘Caithfidh sibhse ’n chead uair’ arsa Colm. Sheasaigh fear acu ar an túrtóig: ‘Rachaidh mo bhata sa go Toraigh le cuidiú Dé’ ar seisean agus chaith sé an bata, ach thit a’ bata san fharraige. Ansin sheasaigh an dara fear ar a’ túrtóig: ‘Rachaidh mo bhata-sa go Toraigh le cuidiú Dé’ ar seisean, agus chaith se an bata; ach ní theachaidh, thit an bata ‘san fharraige súl a raibh sé leath-bealaigh.
‘Is dona sibh,’ arsa Colm a’ breith ar a bhata féin agus a’ seasamh ar a’ túrtóig. ‘le cuidiú Dé rachaidh mo bhata-sa go Toraigh,’ ar seisean agus chaith sé an bata agus thit sé i gcroí lár an oileáin. D’iarr Colm cille cuidiú Dé ar tús. Dúirt sé ‘le cuidiú Dé rachaidh mo bhata-sa go Toraigh;’ agus d’éirigh go maith leis. Sé rud a dúirt an mhuintir eile ‘Rachaidh mo bhata-sa go Roraigh le cuidiú Dé’.
Maidin lá arna mhárach d’éirigh Colm Cille, fuair sé bád agus foireann agus d’imigh a’ tharraingt go Toraigh. Bhí Toraigh le feiceáil go soilear ag achan duine an uair sin, ná ó chuaigh bata Cholm Cille isteach ní theachaidh sé i bhfólach níos mó. Nuair a chonaic muintir Thoraigh an bád a’ tarraingt orthú chruinnigh siad uilig anuas go dtí an chéidh. Nuair a bhí an bád fá chúpla slat don chladach scairt an Rí leo gurbh eisean Rí an oileáin seo agus nach raibh sé a’ gabhail a ligean do dhuine ar bith as Tír mór a theacht i dtír ann.
‘Maise níl mise ag iarraidh’ arsa Colm Cille, ‘ach leithead mo bhrat don charraig, cead fháil an brat a spréadh agus seasamh air’.
‘ Maise níl ní deacair a shásamh’, arsa an Rí, ‘agus gheobhaidh tú sin agus míle fáilte.’
Chaith Colm Cille an brat amach ar an chladach agus chuaigh sé féin de léim amach agus sheasaigh sé ar an bhrat. Thosaigh an brat a éirigh mór agus a spréadh thart. Thosaigh muintir Thoraigh a théitheamh as an casan aige go dtí go raibh siad amuigh ar bhruach na farraige ar an taoibh eile den oileán. Spréidh an bhrat thart go dtí gur chumhdaigh sé an t-oileán uilig agus ní raibh duine nó beathach nó dhath ar bith beo ar an oileán idir luchógaí mór agus achan chineal.
Nuair a chuaigh siad go bruach a’ chladaigh ar an taoibh eile den oileán bhí an brat ag teacht ina ndiaidh ar fad. Shiúl siad amach ar na carraigeacha fhad agus thiocfadh leo ach bhí an brat seo ina ndiaidh ar fad agus ins an deireadh b’éigean dóibhe a ghabhail de léim ‘san fharraige. Nuair a bhí an cú nimhe ag gabhail a léim san fharraige rinne sí scréad agus chuir sí trí bhlaidhre tineadh amach ar a béal, bhuail sí buaille de na ruball ar chloich agus chuaigh sí a léim san fharraige. D’fhág sí lorg a ruball síos ins an chloich agus tá sé ann le feiceáil ag an tsaol mhór ón lá sin go dtí an lá inniu.
Nuair a chuaigh siad de leim san fharraige chuaigh an Rí agus an bhanrioghan agus an cú nimhe agus iomlán muintir uilig ach trúir, chuaigh siad síos agus síos na léigthe mílte faoi an fharraige go dtí an áit a dtugann siad an Tír faoi Thuinn air agus tá siad uilig ina gcónaí ansin ón lá sin go dtí an lá inniu.
An trúir seo nach deachaidh síos, ba trúir de na Mic Ó gCorra a bhí iontu. Beirt déartháireacha agus déirfiúr, Tadhg, Brian agus Úna. Chuaigh an trúir ar a’ tsnámh agus d’imigh siad a tharraingt go h-Árainn leis an oileán sin a chuir faoi gheasa. Nuair a bhí siad ag gabhail siar ag ceann Uaighe chonaic muintir Áranna iad agus rinne siad trí charraig chloiche daobtha agus tá siad faoi gheasa a bheith mar sin a choíche go dtí go dtéidh acu Toraigh a bhaint amach agus gan aon duine iad a fheiceáil. Maidin lá Béaltaine i gcionn achan seacht mbliana, tógann an trúir seo a gcuid seoltach agus bheir siad iarraidh ar Thoraigh ach chomh luath agus tchífeas duine ar bith iad caithfidh siad pilleadh arais go dtí an áit a raibh siad agus fanacht ansin.
Dá dteidheadh ag an trúir seo Toraigh a bhaint amach, chuirfeadh siad faoi gheasa arais aríst agus thiocfadh an Rí agus an bhanrioghain agus an cú nimhe agus iomlán mhuintir Thoraigh aníos arais agus ghlacfadh siad seilbh ar an oileán agus chuirfeadh siad an dream atá ann amach ar an fharraige.
Ariamh uilig tá daoine iontach pisreógacha i dToraigh. Bhí leac acu roimhe seo ach ní shílim go bhfuil sí le fáil anois – a dtugadh siad ‘Leac na Leannán’ uirthi. Leac mhór a bhí inti agus ba é an gnaithe a bhí acu léithe: dá dtiteadh beirt acu féin amach le chéile thionntochadh duine acu an leac seo in eadán an duine eile. An té ar tionntódh an leac ina eadán má bhí sé sa chontráltas thiocfadh cibé pisreógaí ná geasa a bhí sa leic air agus ní dhéanfadh sé lá maith níos mó go bhfaigheadh sé bás. Agus mar raibh sé sa chontráltas, thiocfadh an t-iomlán ar an té thionntóidh an leac seo.
Bhí siad am amháin agus bhí bád ag tarraingt isteach ar an oileán, soitheach mór agus iad ag gabhail a thógáil creach i dToraigh cionnas nach ndíolfadh muintir Thoraigh cíos nó gearrachtaí. Chonaic muintir Thoraigh iad ag teacht agus bhí fhios acu go maith cáide a bhí siad ag brath a dhéanamh; fuair siad an leac agus thiontóidh siad ina n-éadán í agus chomh luath agus rinne thosaigh an soitheach ag gabháil síos; chuaigh sí síos sula raibh siad ábalta talamh a bhaint amach agus baitheadh an t-iomlan acu.
Tá an leac sin a dToraigh go fóill, curtha faoi’n talamh agus níl fhios ag a’n duine ar an domhan cá bhfuil sí curtha ach a’n fhear amháin de mhuintir Thoraigh agus tá an fear sin ins an Oileán Úr.
Tá cloch eile ann (chonaic mé féin í sin) a dtugann siad ‘Cloch na n-achthuingeach’, uirthi. Tá beann móra arda fiadhaine ar an taobh thoir de Thoraigh agus amuigh ar bharr binne móir crochta amachos cionn na farraige tá an chlocj seo. Agus má théid tú suas i mullach na cloiche seo agus suidhe uirthi, achthuinge ar bith a n-iarrfaidh tú fhad agus tá tú do shuidhe uirthi gheobhaidh tú an achthuinge sin. Ach is beag duine atá ábalta a ghabháil suas uirthi, ná tá sé contúirteach. Tá sí crochta amach ar bharr binne os cionn na farraige – tuairim is ar cupla céad troigh os cionn an uisce.
Tá tuilleadh scéalta aige fá Thoraigh, féach;