Sa leabhar agus CD álainn seo, tá 24 amhrán spleodrach úr a spreagfaidh páistí chun ceoil agus damhsa.
Amhráin grinn, suantraí, gníomhamhráin agus amhráin le damhsa leo, ceolta go binn ag páistí as Gaeltacht Thír Chonaill.
Is bronntanas galánta é do pháiste ar bith ó 3 go 12 bliain. Tá gach amhrán ina scéal bheag do féin a fhosclaíonn suas domhan iomlán samhlaíochta don pháiste.
Dánta agus ramáis a chum Nellie Nic Giolla Bhríde, iar-mhúinteoir bunscoile, a chur a mac, Doimnic, ceol nuachumtha leo, le tionlacan ó bhanna ceoil na bhfeithidí. Tá sé maisithe go hálainn le healaíon Dara McGee agus curtha le chéile go deismir ag Sinéad Ní Chadhain. Seo leabhar a mbainfidh gach páiste, óg agus aosta, sult as.